Upcoming events

Click on the link above to see the author being interviewed about her book 'Open To Love' by Rowan Hand on RTE's Nationwide (February 13th 2012).
10% of the profits from sales are being tithed by the author to the neonatal unit of Our Lady's Hospital for sick children, Crumlin.

Check out RTE iWitness documentary on the author on February 14,2015

If you have enjoyed the poetry readings I would welcome any feedback you may have.

Beautiful Irish poems as Gaeilge



Anois dán as gaeilge domsa in onóir an tUachtarán Michael D Higgins.


  In onóir Michael D


Sé gliondar mo chroí
gurbh é an t-Úachtarán Michael D
a bhí togha arís
agus é seachtó seacht mbliana d'aois.
Fear an-eolasach, críonna, bríomhar
i Spiorad agus Anam...fírinneach, díochra
glaine a chroí, laoch, fear fíreánta
neart a ghníomh, neart a bhriathar, neart a dhánta.
Is é Michael D rogha na ndaoine
rogha na ndaltaí, na mná feasa, na saoi
b'iontach an lá é fiche seachtú lá Deireadh Fomhair
ba chóir go raibh an bhua aige
...bhí se thar bharr.



Ceann eile chun suaimhneas a thabhairt do gach éinne.

This poem urges people to take it easy and sit quietly in meditation .


Suigh

Suígh
Lig do scíth
Tóg bog í
Guigh

Suigh
Bí i do shuí
Gradam Chroí
Guigh

Suigh
Bí le Dia
ar Anam Slí
Guigh.




Some beautiful poems in Irish from the pen of  author Éamonn Ó Ceallaigh 




Cuairt ar an mBlascaod Mór


Luascadh Luascadh
síos is suas le
gach aon tonn faoin mbád
na faoileáin san aer
ag scread go géar
scroichfimíd an t-oileán sar í bhfad.

Ag teacht chun cuan
tá gach rud chiúin
an t-oileán glas ós ár gcómhar
amach as an mbád
le léim beag árd
táimid ar an mBlaoscaid Mór.

Tá an spéir chomh gorm
is gliondar chroí orainn
ag siúl ar an mBlaoscaid Mór
leoithne bog gaoithe
ag teacht thar taoide
nach álainn an lá a bheith chomh úr.

Níl fuaim ar bith
ach an fharraige ag rith
is ag briseadh ar an trá gan stó
na rónta ar an ghaineamh
faoin ghrian atá ag taitneamh
ag tógaint an teocht gan gnó.

Tá an t-oileán lom
gan sceach na crann
chun foscadh a fháil sa geimhridh
ta uaigneas ann
ach is saigheas suaimhneas san
tá coiníní ann is caoirigh.

Tá an bád ag teacht
is caithimíd imeacht
ní féidir linn fanacht ann
tá na sean tithe briste
is gach a bhí scroiste
is fada é anois ó bhíodh clann.

Luascadh luascadh síos is suas le
gach aon tonn faoin mbád
na faoileáin san aer ag gol go géar
muid ag filleadh tar éis a bheith thar bhráid.



Cór Bhreacaidh an Lae


Roimh eirí na greinne
gan fhios d'éinne
canann said le chéile
I gceolfhoireann na n-éanlaithe

A fhonn féin ag gach éan
áit ann do gach cheann
I gcór na breacmhaidine
cloister monabhar a phaidreacha.

Is iontach an fuaim atá acu
meascan cheoil de gach aon guth
Ag cur fáilte roimh an lae
go chroiúil a chanann said é.

An lon dubh agus an spideog
an droilín agus an dunnóg
an meantán mór agus an tiuf-teaf
an glasan darach agus an caipín dubh.

An buíog agus an gleoiseach
an rí rua agus an smólach
an siskin agus an lasair choille
an ceolaire sailí is an colm coille.

I ndruacht na maidine
ta draoícht san cantaireacht uathu
Foinn fite fuaite
ag macalla thar na tuaithe.

Le h-éiri na gréinne
scapann na h-éanlaith
Chríochnú an cheoilchoirm
deireadh na féile.




Sméara Dubha


Chuamar amach faoin tuath
Ag piocadh sméara dubha
Bhíodar ann go tiubh
Ag glioscarnaigh geal dubh

Iad go léir saor in aisce
Cuid acu i dtaisce
Toabh Thiar na duilleoga
Fós ag fás ar na driseoga

Amuigh i lár an dúlra
Bhí n sléighte ann mar cúlra
Na fáinleoga linn thar cuan
Ag eitilt gan fuaim

D'itheamar ceann
Ó am go h-am
Bhí dath mar dúch ar ár mhéara
Le sú ó na sméara

Bhí buicéidí beaga
Chun bhailiú na sméara dubha
D'fhanamar ag piocadh
Líonamar iad go sciobtha

...Ag baile níomar na sméara
Chuireamar iad ar an mbruthaire
Isteach ansin leis an siúcre
Chun go ndeinfimís subh de

Don tae bhí bonnóga bhláithní agus subh
A bhí dearg dubh tiubh
Bhíodar go léir chomh bhlasta
Bhíomar go léir lán sásta




Údar Éamonn Ó Ceallaigh